Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Cultúr > An Ghaeilge > Ceolchoirm Oscailte Sheachtain na Gaeilge 2022 > Club Leabhar Gaeilge

Seachtain na Gaeilge agus Club Leabhar

Seachtain na Gaeilge Chúige Uladh seolta ag Clíona Ní Ghallchóir

 

Chuir an t-amhránaí agus mac léinn óg Clíona Ní Ghallchóir as Mín an Chladaigh tús spleodrach le himeachtaí Sheachtain na Gaeilge i gContae Dhún na nGall agus ar fud Chúige Uladh oíche Dé hAoine seo caite sa Chrannóg, i nGaoth Dobhair.

 

Mar is dual di, thug sí óráid spreagúil inspioráideach ag an seoladh, Dúirt sí: “Is seoid luachmhar í an Ghaeilge a bhronn ár sinsear orainn agus tá sé de dhualgas orainne a chinntiú go mbronnfar an tseoid chéanna sin ar na glúnta atá le teacht. Tá tobar domhain saibhris, cultúir agus teanga le fáil sa tír seo nach bhfuil le fáil in áit ar bith eile ach cha dtig linn ligint don tobar seo triomú. Tá ról againn uilig maidir le caomhnú agus neartú na Gaeilge. Tugann Seachtain na Gaeilge deis dúinn tabhairt faoin ról seo go dúthrachtach agus go díograiseach.”  Is féidir éisteacht leis an óráid ar facebook anseo.

 

Sheol sí Leabhrán Imeachtaí do Chontae Dhún na nGall ar an oíche fosta. Is féidir teacht ar an leabhrán, ina bhfuil breis agus 80 imeacht Gaeilge ar fud Chontae Dhún nan Gall agus i gcontaetha béal dorais, ag an nasc anseo. Tá réimse leathan imeachtaí ar siúl in achan chearn den chontae, ó Chill Cartha go Carn Domhnach, agus ó Ghaoth Dobhair go Bealach Féich, ar nós ciorcail chomhrá, tráth na gceisteanna, amhránaíocht, damhsa ar an sean-nós, oícheanta Gaelacha, clubanna leabhar, céilithe, scéalaíocht, maidineacha caife agus siúlóidí etc. Tá Seirbhísí Leabharlainne Chontae Dhún nan Gall ar reáchtáil cuid mhór imeachtaí ina gcuid ionad ar fud an chontae.

 

Thug an Clr. Mícheál Choilm Mac Giolla Easbuig, Cathaoirleach ar Choiste Gaeilge na Comhairle Contae ardmholadh do na grúpaí agus coistí ar fad ar fud an chontae a bhí ag reáchtáil imeachtaí. Thug sé aitheantas don dul chun cinn atá déanta ag an Chomhairle Contae ó thaobh na Gaeilge de go dtí seo, ach dúirt sé go bhfuil go leor oibre agus forbairtí le déanamh go fóill.

 

Chuir ceoltóirí óga ó An Chrann Óg ceol traidisiúnta den chéad scoth ar fáil roimh na cainteanna agus ina dhiaidh arís.

 

Is comhpháirtíocht a bhí i seoladh Chúige Uladh de Sheachtain na Gaeilge idir Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt, Conradh na Gaeilge, agus Comhairle Contae Dhún na nGall. I measc na gcainteoirí eile ar an oiche bhí Dónal Mac Cnáimhsí, OIfigeach Pleanála Teanga don Iarthuaisceart, Sophie Osbourne ó Chonradh na Gaeilge, agus Liam Mac an Bhaird, Stiúrthóir Seirbhísí Pleanála agus Pobail le Comhairle Contae Dhún na nGall.

 

Leabhrán Imeachtaí SnaG 2020

 

Club Leabhar an Iarthuaiscirt - Márta 2020

Tá Club Leabhar an Iarthuaiscirt ag léamh Fatwa le Proinsias Mac an Bhaird faoi láthair.

 

Beidh an chéad teacht le chéile eile ar siúl in Iarsmalann an Chontae, Leitir Ceanainn Dé Céadaoin 25 Márta @ 7.30pm.

 

Má tá suim agat a bheith páirteach i gClub Leabhar an Iarthuaiscirt, déan teagmháil le [email protected]

 

Tá an Club seo dírithe ar dhaoine fásta ar cainteoirí líofa Gaeilge iad, nó ar fhoghlaimeoirí fásta a bhfuil meánleibhéal Gaeilge acu.